Scoil: Burgess, Aonach Úrmhumhan (uimhir rolla 8608)
- Suíomh:
- An Bhuirgéis, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Mícheál Ó Cearnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Burgess, Aonach Úrmhumhan
- XML Leathanach 054
- XML “Bruíonta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gur shroicheadar cnoc an chatha. Thosuigh an cath annsin i ndáíribh i ndiaidh ama díbrigheadh na Dobhsers.Anois bhí aonach le bheith i mBéal Átha Gabhann agus bhí déanta suas ag ng Dobhsers a bheith ag an aonach roimh na Dingers, agus iad a ionnsuighe ar a mbealach isteach. 1400 de na Dobhsers a bhí ann.Fuair na Dingers sgéul an oidhche roimhe sin fé an tóir a bhí ortha. Chruinnigheadar go láidir a lucht leanamhna. Throideadar go tréan, acht bhí an bhuaidh ghá fhagháil ag na Dobhsers go dtáinig sagart amach ag deanamh síothchána. Bhuail ceann de na Dobhsers é, agus ó soin amach ní dheárna siad aon mhaith.Nuair a bhí an troid ag dul chun cinn ag Cnoc Dinger, deirtear go raibh fear ag marcaidheacht ar chapall agus é ag dul ó dhream go dream ag spreagad na tróduidhthe agus déarfaidh cuid de na daoinibh go b'é an diabhal fhéin a bhí ann.