School: Clochar na Trócaire, Dún Drongáin (roll number 7232)
- Location:
- Drangan, Co. Tipperary
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)uisce ag cur ar na daoinibh.Taidhbhrigheadh do dhuine des na Manaigh go mbéadh uisce le fághail in áit áirithe inaice na Mainistreach ach tochailt ann. Deineadh amhlaidh agus bhí uisce go leór ag na daoinibh feasta. Sin é an cúis go dtugtar Tobar na mBratharach air.Ní mór dom a rádh annso go raibh leigheas le fághail ins an uisge cómh maith. De réir béiloidis bhí fear ar mhuin chapaill ag gabháil thairis uair amhain. D'éirigh an capall bacach. Cuaidh an marcach go dtí an Tobar agus nigh sé cos an chapaill 'san uisge, agus do leigheasadh láithreach é.Lá 'r n-a bhárach ar éirighe do's na daoinibh connachadar gur aistigheadh an Tobar i rith na h-oidhche ó'n áit sin go dtí an ceann eile de'n sráid áit ina bhfuil sé go dtí an lá indiu ann.Usáidtear uisge an Tobair seo le h-aghaidh obair an tighe anois agu ní deirtear go bhfuil leigheas le fághail ann feasta.
- Informant
- Mac Uí h-Óráin
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Knockuragh, Co. Tipperary