Scoil: Clochar na Trócaire, Dún Drongáin (uimhir rolla 7232)
- Suíomh:
- Drongán, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)uisce ag cur ar na daoinibh.Taidhbhrigheadh do dhuine des na Manaigh go mbéadh uisce le fághail in áit áirithe inaice na Mainistreach ach tochailt ann. Deineadh amhlaidh agus bhí uisce go leór ag na daoinibh feasta. Sin é an cúis go dtugtar Tobar na mBratharach air.Ní mór dom a rádh annso go raibh leigheas le fághail ins an uisge cómh maith. De réir béiloidis bhí fear ar mhuin chapaill ag gabháil thairis uair amhain. D'éirigh an capall bacach. Cuaidh an marcach go dtí an Tobar agus nigh sé cos an chapaill 'san uisge, agus do leigheasadh láithreach é.Lá 'r n-a bhárach ar éirighe do's na daoinibh connachadar gur aistigheadh an Tobar i rith na h-oidhche ó'n áit sin go dtí an ceann eile de'n sráid áit ina bhfuil sé go dtí an lá indiu ann.Usáidtear uisge an Tobair seo le h-aghaidh obair an tighe anois agu ní deirtear go bhfuil leigheas le fághail ann feasta.
- Faisnéiseoir
- Mac Uí h-Óráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Cnoc Iúrach, Co. Thiobraid Árann