School: Clochar na Trócaire, Dún Drongáin (roll number 7232)
- Location:
- Drangan, Co. Tipperary
- Teacher: Siúracha na Trócaire
![The Schools’ Collection, Volume 0557, Page 031](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0557%2FCBES_0557_031.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0557, Page 031
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Cómh maith le n-a fhocal bhí sé ann an oidhche sin agus ní raibh sé ibhfad ag fanamhaint go bhfacha sé girrfhiadh bán ag teacht. Do thosnuigh sé ag crúdh na mbó. Sgaoil sé na madraí a bhí le n-a chois agus as go bráth leó in a dhiaidh.Anois ní mór dom a rádh annso go mbíodh sean bhean in a cómhnuidhe i dtigh bheag inaice leis an pháirc in a mbíodh na h-eallaigh ag inbhear. B'é tuairim na gcómhursan gurab í seo ba cionntach ins an droch obair seo. Pé sgéul é lean an t-seilg agus níorbh fhada go raibh na madraí ar a sálaibh. Nuair a bhain an girrfhiadh an claidhe amach fuair an madra ba ghiorra dí greim ar chois dheiridh léi ach do theip air í do choimeád ibhfad agus tháinigh an girrfhiadh saor. Léim na madraí ar a tóir arís agus ní raibh tásc ná tuairisg uirthi le fághail. Cheap an feirmeóir go bhfeacha sé í ag déanamh ar an dtigh agus chuir gníomh úd iongnadh air, ach indeire na dála tháinigh(continues on next page)
- Informant
- Mr Hayden
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Saint Johnstown, Co. Tipperary