Scoil: Clochar na Trócaire, Dún Drongáin (uimhir rolla 7232)
- Suíomh:
- Drongán, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0557, Leathanach 031](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0557%2FCBES_0557_031.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0557, Leathanach 031
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Cómh maith le n-a fhocal bhí sé ann an oidhche sin agus ní raibh sé ibhfad ag fanamhaint go bhfacha sé girrfhiadh bán ag teacht. Do thosnuigh sé ag crúdh na mbó. Sgaoil sé na madraí a bhí le n-a chois agus as go bráth leó in a dhiaidh.Anois ní mór dom a rádh annso go mbíodh sean bhean in a cómhnuidhe i dtigh bheag inaice leis an pháirc in a mbíodh na h-eallaigh ag inbhear. B'é tuairim na gcómhursan gurab í seo ba cionntach ins an droch obair seo. Pé sgéul é lean an t-seilg agus níorbh fhada go raibh na madraí ar a sálaibh. Nuair a bhain an girrfhiadh an claidhe amach fuair an madra ba ghiorra dí greim ar chois dheiridh léi ach do theip air í do choimeád ibhfad agus tháinigh an girrfhiadh saor. Léim na madraí ar a tóir arís agus ní raibh tásc ná tuairisg uirthi le fághail. Cheap an feirmeóir go bhfeacha sé í ag déanamh ar an dtigh agus chuir gníomh úd iongnadh air, ach indeire na dála tháinigh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Mr Hayden
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Baile an tSeánaigh, Co. Thiobraid Árann