School: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (roll number 11872)
- Location:
- Carrick-on-Suir, Co. Tipperary
- Teacher: Na Siúracha
![The Schools’ Collection, Volume 0565, Page 040](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0565%2FCBES_0565_040.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0565, Page 040
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sean-bhean ag ithe a shúipéar agus bhí an fear díreach ar tí práta a chur 'na bhéal. "Feac," arsa Crotaigh le Norriss, agus é ag árdú a ghunna," Euirfead geall leat go racaid seo thar a bhéal roimh an bprátal." Láithreac tharraing sé an gunna agus thuit an fear marbh. Ceana, bhí an-mheas agus an-chion ag na tuatánaigh air ach mhill an gniomh seo é mar aon le'n a lán eile mar é. Ceap fear dár b'ainm Acaorann breith air. Tré feall Norriss d'eirigh leis agus crochadh í bPortláirge é. Cuireadh a cheann ar spíce agus coinnigheadh a cnámharlach ar feadh ibhfad. Ní bhfuarathas aon tsaidhbhreas 'na dhiaidh gidh gur cuardaigheadh an sliabh. Do gheilleadh an sean dream do scéaltaibh de'n tsórt so ach comh maith leis sin ghéilleadar do scéaltaibh draoidheachta. Tá na sean-scéalta draoidheachta seo comh aosta leis an gceó. Do bhíodar ag muinntir na Gréige agus na Róimhe agus is docha gur uatha thánadar chughainn. De réir deallramh tá draoidheacht ag baint leis an loch úd Com Seangán. Ilphiast mhór uathbhásach agus ceann agus mong capaill uirthi, adeir siad, atá ann agus eirigheann sí ar bhárr an uisge, le solus na gealaighe ag súgradh dhí féín. Seo rann átá(continues on next page)