School: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (roll number 11872)
- Location:
- Carrick-on-Suir, Co. Tipperary
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fosta na "Géanna Fiadhaine" a bhíodh ag fanacht le luing Franncacha i gCuan Dún Garbáin cun iad a thabhairt go dtí an Fhrainnc. O pluais Crotaigh bhí radharc aca ar an dtaobh tíre soir siar ag leathnughadh ó Dun Garbháin go Carraig na Siúire agus ag leathnughadh ó dheas go dtí Tráigh Mhór. Ser'd atá san bpluais ná seomra mór amháin ó'n a ritheann a lán seomra beaga; baineadh Crotaigh úsáid asta-san cun an biadh a chur idtaisge ionnta srl. Bitheamhnach neamh-eaglach a bhí ann féin. Cosamhail le Robin Hood ghoidheadh sé ó na daoine saidhbhre agus chabhruigheadh sé leis na daoine bochta, tréith go bhfuil an creideamhaint ag dul dó d'á bhárr. Bhí sár mhisneach aige agus tá an-sceulta fá'n gcaoi 'na n-eirigheadh leis bob a bhualadh ar a namhaid. Bhí congantóir amháin aige darbh ainm David Norriss agus deirtear gur sháruigh sé Crotaigh maidir le gliochas, agus gur b'eiseann a chumadh furmhór na bpleana dá compánaigh. Deirtear nárbh fear neamh-thrócaireach é Crotaigh féín ac gur mhinic a spreagtaí é cun a bheith neamh-thrócaireacha. Tá, ar a laigheadh, sampla amháin againn nuair a rinne sé féin gníomhartha mí-thrócairacha. Oidhche, agus é féin agus Norriss ag gabháil thar cabhán beag, chonnaiceadar solas san bfuinneoig. D'fhéacadar isteach ann, bhí fear agus(continues on next page)