School: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (roll number 11872)
- Location:
- Carrick-on-Suir, Co. Tipperary
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Comharthaí SoininneNuair a bhíonn an spéir dearg san iarthar ag dul fé do'n ghréin deirtear go mbeidh aimsear bhreágh againn lá'r na bhárac.
Nuair a fheiceann Sliab na mBan i bhfad uainn, sin comhartha maith eile.
Nuair a chloistear an chuach go moch ar maidin, beidh an lá go bhreágh
Nuair a bhíonn na fáinleóga ag eitilt go h-árd san spéir sin comhartha maith eile
Deirtear go mbíonn áthas ar an aodhaire nuair a bhíonn an tuar-cheatha le feiscint um thráthnóna. Droch-chomhartha dó é d'fheiscint ar maidin.
Comharthaí DoininneNuair a shéidheann an ghaoth an-dheas beireann sí an fearthainn lei.
Nuair a shéideann an deatach ó thuaidh ó 'sna simnéthe sin comhartha maith eile.
Tuiteann an sugh agus shéideann an deatach aníos an siminé nuair a bhíonn an fhearthainn ag teacht.
Bhíonn taise ar na fiallaí agus ar leaca úrláir leis, nuair a bíonn aimsear fhluich ag teacht.
Nuair a bhíonn na néallta ar Sliabh na mBan sin comhartha fearthanna leis
Is é an comhartha fhearthainne is coithciannta atá againn ná ceann an éisg atá ar bhárr-chluig an bhaile a bheith iompuighthe í dtreó na h-abhann.
Nuair a thagann na gabhair abhaile agus iad a béiceadh deirtear go mbeidh fheartainn againn.(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Dubhgáin
- Gender
- Female