School: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (roll number 11872)
- Location:
- Carrick-on-Suir, Co. Tipperary
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá sean-sgéal a bhíodh ag sna báird ag cur síos ar imteachta treibhe a díbreadh as an Midhe. Tugadh "Tochomlod na nDessi" nó ainmneacha eile de'n tsórt chéadna air agus is dócha gurbh é an cunntas a bhí ag sna sean ughdair nuair a chuireadar síos ar conus agus cathain a cuireadh Ríoghacht Déise Mumhan ar bun.Tá cuid de sna daoine a cuireann suim i stair agus ní ghéillid do'n sgéal san in aon chor. Sgéal a ceapadh le h-aghaidh caitheamh aimsire ba eadh é a deirtear agus is fuiris a fheicsint go bhfuil an-chuid de gan crot na fírinne air. Ní raibh mórán measa ar mhuinntir Dheiscirt na hEireann ná tuigsint in a gcúrsaí ag an té a cheap é. Mar sin féin caithfear toradh thabhairt ar an sgéal féachaint an bhfuil aon chuid de'n bhfírinne ann.Deir lucht staire gur chuir Cormac Mac Airt as seilbh pé treabh a bhí i Magh Bhreágh timcheall na bliana 275 A.D. B'iad na luaighní (?) a bhí ann le linn Chonchubhair Mhic(continues on next page)