School: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala (roll number 9250)
- Location:
- Newcastle, Co. Tipperary
- Teacher: Siobhán Ní Chochláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)scríobhnóireacht an lá indiu.Poll an Chapaill:-
Timcheall leath-míle ar an taobh theas de Caisleán Nua atá an Poll so. Dó báthadh capaill ann fadó agus sin é an fáth go cuireadh "Poll an Chapaill" air.Cúl na Gréine:-
Sin ainm m'áit cómhnuidhe. Toisc go dtaithnigheann an ghrian ar chúl na dtighthe i gcómhnuidhe cuirtear an tainm so ar an áit.
Nuair a bhí Crombhail ag dul ó Chluain Meala to dtí Eochaill tháinig sé tré Caisleán Nua. Maidin Domhnaigh a b'eadh é agus bhí na daoine go léir istigh sa seipéal ag éisteacht Aifreann. Chuir Crombhuil na dóirse fé ghlas agus chuir sé an séipéal tré theine. Do dóigheadh gach cinne istigh ach aon bhuachaill beag amháin a d'éaluig amach tríd an bhfuinneóig. Ní raibh fhios ag einne cé ar leis é agus ghlaodhadar an ainm "burn" air. Do shíolruigh muinntir Byrne ón mbuachaill sin.(continues on next page)- Informant
- Seumas Ó Maolcathaigh
- Gender
- Male
- Age
- 56
- Address
- Newcastle, Co. Tipperary