School: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala (roll number 9250)
- Location:
- Newcastle, Co. Tipperary
- Teacher: Siobhán Ní Chochláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann fadó agus chomhnuigh sé i Droichead na nGabhar cúpla míle óm thig-se. Bhí alán airgid aige. Nuair a cheap sé go raibh sé chun báis d'fágail ceap sé go gcuirfeadh sé an t-ór i bhfolac. Cuala fear eile é sin agus chuaidh sé i bhfolac cun go bhfeicfeadh sé cad é an áit na chuirfeadh sé é. Chonnaic sé an áit 'nar chuir an fear é agus oidhche amháin chuaidh sé cun é d'fhághail. Fuair se an pota 'na raibh an t-ór act ní raibh aon ór ann. Deirtear gurabh iad na daoine maithe a thóg as é.D'innis m'athair féin an sgéal seo dhomh. Fuair mo shin sean athair Seán Ó Meachair coire mór déanta
d'airgead fén dtalamh san iothlainn sa mbaile. Na dhiaidh san díoladh i gCeapach Cuinn é. Chonnaic Pádraig Ó Corcubhar atá 'na beathaidh fós an pota airgid sin. Do sgríobhadh i litreacha órtha ar an pota so go raibh pota eile déanta d'ór i bhfolac in áit éigin gairid don áit agus go raibh slabhra á gceangailt le chéile. Ach tháinig meirg ar an slabhra agus briseadh é agus mar sin níor éirigh le h-einne an pota óir d'faghail.- Informant
- Pádraig Ó Meachair
- Gender
- Male
- Age
- 53
- Address
- Frehans, Co. Tipperary