School: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala (roll number 9250)
- Location:
- Newcastle, Co. Tipperary
- Teacher: Siobhán Ní Chochláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Toibreacha Beannuighthe.
Níl acht dhá tobar beannuighthe im ceanntar. Seo iad, An Loc Liach agus tobar Naomh Brígid.
An Loc Liach:-
Sórt tighe isteach é déanta as carraig agus an tobar beannuighthe leath istigh. Is annamh a thegheann na daoine ann cun uisge d'fagail toisc go bfásann féar árd agus fiadhaile agus raithnig timcheall air. Uair amháin do dhéin duine iarracht ar é salú. Do shaluigh sé é agus nuair a cuaidh bean ann cun uisge d'fágail ní raibh deoc uisge le fágail. Do ghlan sí amach é agus las sí coinneal beannuighthe leath istigh agus an maidean na dhiaidh sin bhí uisge le fághail airís ins an dtobar. Tá sé suidhte i bpáirc le Pádraig Uí Concubhair agus fasann crann fearna ós a cionn.
Tobar Naomh Bríghid:-
I bpáirc le liam Broin atá an tobar seo. Deirtear go raibh Bríghid ann fadó agus(continues on next page)- Informant
- Maitiú Dubhgán
- Gender
- Male
- Age
- 40
- Address
- Moloughabbey, Co. Tipperary