School: Cahermurphy, Cill Mhichíl (roll number 15327)
- Location:
- Cahermurphy, Co. Clare
- Teacher: Séamus Ó Laoighléis
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cahermurphy, Cill Mhichíl
- XML Page 139
- XML “Na Filí a Bhí Cónaí Orthu i Leath h-Ínse - An Díbirte ó Éirinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)daoine atá comnuidhe orra i Leath h-Ínse, tá an "Exile of Erin" as béarla de ghlan mheabhair ag an bhfurmhór aca freisin, nuair a deireann siad ceann aca deireann siad an ceann eile 'na dhiaidh cun iad a cur i gcomparáid le na chéile agus an cosamhaileacht atá eatarra d'fhagháil amach, sé sin ar eagla go ndéanfaidís dearmhad ar an ceann as Gaoluinn mar sin is féidir le rádh go bhfuil sé i gceart aca.
* * *
Seo ceann eile an-dheas a scriobh an file ceadna agus is minic a cloistear é timcheall Leath hInse. Tá scéal le hinnsint i dtaobh an "Cailín Deas Cruidhte na mBó."
"Cailín Deas Cruidhte na mBóBhí sagart paróiste ana naomhtha i Leath hÍnse, agus bhí cailín aimsire óg aige. Lá amháin bhí sí ag nighe éadaigh fé droichead agus bhí amhrán neamh-dheas ag gabháil aice, bhí an sagairt paróiste 'na sheasamh ar an ndroichead agus chuala sé an amhráin abhí ag gabháil aice. Nuair a tháinig sí isteach dubhairt sé léí gan a bheith sa tig ar an maidin a bhí chúcha. Bhí sí i gcruadh chás agus chuaidh sí go dtí an sagairt óg agus d'innis sí an scéal dó, dubhairt sé léí go ndéanfadh sé a dhícheall chun cabhair a thabhairt dí, fuair sé a peann, agus scríobh sé amhráin seo leanas.- Collector
- Micheál C. Ó Laoighléis
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Synge Street, Co. Dublin
- Informant
- Micheál Mac Con Luachra
- Gender
- Male
- Age
- 77
- Address
- Cloonnakilla, Co. Clare