School: Radharc na Sionainne, Lios Uí Chathasaigh (roll number 10741)
- Location:
- Furroor, Co. Clare
- Teacher: Máirtín Ó Seasnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Gearóid na CailligheBhí sean fhile darab ainm Gearóid Mac Gearailt na chómhnuidhe in-aice le Sráid na Cathrach uair. Gearóid na Caillighe an leas ainm a bhí air. Domhnach amháín bhí sé ag Aifreann thuas i gCill Mháile. Bhí an pobal bailighthe lasmuigh don seipéal roimh Aifrinn. Tháínig fear cuig Gearóid agus d'fhiafruig sé dhé an scríobhfadh sé fóghra dó lé cur ar an altóir mar gheall ar asal d'imthig uaidh an mhaidin sin. Dubhairt Gearóid go sgríobhfadh sé agus fáilte. Fuair an fear peann dubhach agus páipeár agus scríobh Gearóid do réir mar d'innis an fear a sgeal dó. Cuireadh an fógra ar an altóir. Ní nách iongnadh bhí súil i n-áirde 'ge fear an asail nuair diompuig an sagart amach cun labhartha leis an bpobal agus cun na fógraí do léigheamh. Seo mar do léigh sé.
Asal malach atá stángach gúngach
Do ghluais cun siubhail uaim go moch indiu
Do bhí ceann mór air earball scuabach
Is bhí a chuid gruaige gan a bheith bán nó dubh
Ní raibh crúdh ná tairnge 'na chrúbha ach gága
Bhí a rúmpa gearrtha agus marc 'na phus
Is pé fear nó buachaill ag a mbeadh a thuairisg
Do gheobhaidh mar dhualgas uaim galún puins.24adh Bealtaine 1934- Collector
- Máirtín Ó Seasnáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Máire Bean Uí Sheasnáin
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Furroor, Co. Clare