School: Radharc na Sionainne, Lios Uí Chathasaigh (roll number 10741)
- Location:
- Furroor, Co. Clare
- Teacher: Máirtín Ó Seasnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bíodh bacach ag gabháil timceall ag iarraidh déirce uair amháin. Cuireadh sé féidtig fheirmeora go minic. Muiris ó Dúin ab ainm don feirmeóir agus bíod sé an mhaith don bacach. Bhí mac ag an feirmeoir agus deineadh cleamhnas dó lé cailín a bhí tamall maith uaidh. Dein an cailín feall náireach tamall roime sin ach toisg go raibh sí chomh fada uatha níor airig an mac ná an athair cad do thárladh. Níor mar sin don tsean-bacach. Thuig sé connus a bhí an sgeal ceart go leór ach ní fhuair sé seans cun é cur in-iul do Mhuiris. Tháinig oidhche "Piochadh an Ganndail" agus mar a raibh sluagh daoine istig an cailín ní ná fós é. Bhí an sean-bacach féin ann ins an cúinne mar b'sin nós a bhí ag daoine fad ó, chuireadh do thabhairt do bhachaigh, píobairí lucht-ceoil agus eile cun féasta. Bhí an buachaill óg ann agus é lán tsásta leis féin agus leis an gcailín. Bhí an sean-bacach ag iarraidh seans a fhághail chun leabhairt le duine de mhuinntir Mhuiris. Ar deire fuair sé caoi agus ar seisean
Aithris díbh do Mhuiris Ó Dúin os é
Scrúdaigheann gach dán
Gur dhubhairt an dall a bhí ins an chúinne
Gur thuit crúdh den láir bhán(continues on next page)- Collector
- Máirtín Ó Seasnáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Teacher
- Informant
- Máire Bean Uí Sheasnáin
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Furroor, Co. Clare