School: Radharc na Sionainne, Lios Uí Chathasaigh (roll number 10741)
- Location:
- Furroor, Co. Clare
- Teacher: Máirtín Ó Seasnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann agus mac aige - Phos an mac staigin fuar ocrac. Ní raibh meas a'mhadra aice ar an sean duine an chead lá a tháinig sí isteach agus ba mhinic a bhíodh sé na shuidhe ag bun an bhúird ag ithe a choda leis an mbuachaill aimsire. Níor mhaith leis an maa an sgeal abheith amhlaidh ach ní raibh laigeas aige air mar dob' ise an maigistir. Trathnóna amháin tháinig dearbhrathair na mná cúca ar chuaird. Shuidheadar síos cun súipéir ach má shuidh is ag bun an bhúird a bhí an sean duine bocht. Braith an stróinséar é ach níor dhubhairt se faic cé nár maith leis é. Bhí rolla breagh ime ag an mbeirt ach ní raibh ag an seanfhear ach crústa tirim. Bhí nós age's na daoine an tráth sin altú roimh biadh arádh os árd. "Altuig" ars an mac lé'n a athair sar a thosnuigheadar ag ithe. "Altuig tú féin" arsan tathair "is duit is cóir". "Ó ní dhó ach duitse: ars an stróinséar
Stop an seanfhear go ceann tamaill agus annsan labair agus dubairt
"Do dhíolfainn an faoideach a's ceannocainn donn óg
Is leis an cior-mhíon do chíorfainn tú go minic sa ló
D'fháiscfinn lé'm chroidhe thú mar ba tú mo stor
A's ní íosfainn se an t-ím agus tú os mo chomhair"
Tháinig náire ortha go léir. D'iompaig dearbhrathait na mná agus thug sé íse na muc as na madrai d'á dheirbhsuir agus d'á fear. Ón lá san amach bhí a dhóthain lé fághail ag an seanfhear.- Collector
- Máirtín Ó Seasnáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Máire Bean Uí Sheasnáin
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Furroor, Co. Clare