School: Radharc na Sionainne, Lios Uí Chathasaigh (roll number 10741)
- Location:
- Furroor, Co. Clare
- Teacher: Máirtín Ó Seasnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí bean agus a mhach na gcomhnuidhe thuas + Sliabh Collain fadó.”
(continued from previous page)má thugann tú do inghean le pósadh dom. "Imbasa tabharfad agus fáilte" ars an maigistir "ach ba mhaith liom fios a bheith agam idtaobh an caoi mairreachtáil atá agat sa bhaile i Sliabh Colláin. "Ó faigh amach" arsa Seáinín. Chuir an maigistir seisear fir arais go hÉirinn chun fhághail amach d'én sórt áit a bhí 'ge Seáinín i Sliab Colláin. Thángadar dtí Sliabh Colláin agus go dtí an botháinín na raibh máthair Seáinín. Thánadar dtí an doras beag a bhí ann agus bhí sé cinn de gabhair ann rómpa. Cuadar isteach. Bhí much mór na luighe sa cúinne 'na codhladh. Bhí an dinnéar fágtha anuas ar thaobh na muuiche agus an bean-tighe na suidhe ag ithe an dinnéar. Dimthigheadar arais go haMeirioca arís. Bhí an duine uasal rómpa chun fhághail amach cad é an sórt áit a connaicheadar. "Ó" ar síad 'a leithéíd de thigh ní fachamar ríamh bhí seisear saigdiúirí amuig ag gárdáil an tighe. Bhí bean an tighe istigh agus í ag ithe a dinneir as bord ná facamar a leithéid ríamh." "Ó is leor san" ars an maighistir "bíodh sé na posadh." Pósadh iad. Tháinig Seáinín agus a bhean abhaile agus thugadar a máthair ar ais leo dtí an tigh aluinn in Ameriocha. Chuir sí culaith sioda agus sróill uirthe. Máirtín Ó Seasnáin 15ad Eanáir 1935- Collector
- Máirtín Ó Seasnáin
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Máiread Ní Charraig
- Gender
- Female
- Age
- 70
- Address
- Furroor, Co. Clare