School: Eidhneadh, Inis (roll number 14622)

Location:
Inagh, Co. Clare
Teacher:
Ss. Mac Gearachaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0612, Page 210

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0612, Page 210

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eidhneadh, Inis
  2. XML Page 210
  3. XML “Ór i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    210
    amach gurbh ór a bhí ann.D'fhiafruigh se de fhear an tighe an raibh aon úsáid aige de na píosaí iarainn sin.Dubhairt an fear nach raibh ,gur i dtrínse a bhí á dhéanamh aige a fuair sé iad agus go raibh se ar intinn iad a chur aas an slighe .Dubhairt an fear go dtógfadh sé leis iad .Do chuir sé isteach in a chiseán iad agus sé an méid tobaca bhi aige do fhear an tíghe
    Bhí fear an tíghe an-sásta mar gheall ar an méid tobac a fuair sé ,ach má bhi bhí an fear bocht níos sásta ná é mar bhí lán chisáin d'ór aige ag dul abhaile Ni raibh sé 'na fhear bhocht a thuille ach níor mhaith leis a leigint air go bhfuair se saibhreas .Bhíodh sé ag rádh i gcomhnuidhe len'a chlann gan ach éadaigh cuibhseach do chaitheamh ach níor chuireadar aon spéis 'na chuid cainnte,marchuiridís na héadaigh maithe i bhfolach agus aithneóchadh an tathair na h-inghinacha nuair a chíodh sé amuigh iad.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Éigeartaigh
    Gender
    Female