School: Eidhneadh, Inis (roll number 14622)
- Location:
- Inagh, Co. Clare
- Teacher: Ss. Mac Gearachaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Eidhneadh, Inis
- XML Page 227
- XML “Cruatán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 227
"Cruadhthan"
Timcheall dachad bliana ó shoin do dóigeadh chreach féir i gCill na Móna ach ní fhuair éinne amach cé dhein é nó cé'n fáthe gur deinesdh é.Bhí bainis i dtigh Uí Gearán an oidhche chéadna .Do chonnaic gach éinne an blaodhm ar feadh na mílte mór-thimcheall,agus do rith na sluaighte daoine go dtí an áit.Be an tathair Ó Marnáin solus na bh Flathas d'á anam a bhí mar shagart paróiste ar Chill na Móna an t-am sin agus nuair a chulaidh sé mar gheall ar an gcruadhtan do rith sé chun na h-áite.Bhí an chruach féir i ngoirracht feiche slata do'n tigh comhnuidhthe ,agus deirtear go dóighfaidhe an tigh chomh maith marach cómhacht an tsagairt .Nuair a bhí an teine ag an bpoinnte ba aoirde do choimeád sé ag siubhal suas agus síos idir í agus an tigh ,agus d'iompuigh an blaodhm ar threo éile.Tamall in a dhiaidh sin fuar O Gearán ochtódh púnt mar chúiteamh.- Collector
- Máire Ní Éigeartaigh
- Gender
- Female
- Age
- 15