School: Gortown, Cill Seanaigh (roll number 14238)
- Location:
- Ballymacravan, Co. Clare
- Teacher: M. Mac an Airchinnigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Féilí na mBliana ar leanmaint
Is beag féile a bhí sa bhlían fadó nách raibh chuid mait de nósanna ag baint leis Tá mórán díobh seo imhthighthe as an tír fé láthair pé scéal é ach gan dabht cleachtar chuid dhíobh go dtí an lá indiu chur i gcás -
a) Oidche lae la Brigde
Tuitheann an lá seo ar an t-aon-mhadh lá déag ar fichid do mhí Eanair. Ar lá seo téigheann sgata búachaillí timpal o thíg go tig fé mar a deintear lá le Stiopáin.
b) Nodhlag Beag
Is é seo an lá deireannach don Nodhlaig. lastar conneall mór céireach ar gach fuinneóig agus de ghnáth bíonn suipéar mór ins gach tig. Taréis sin bíonn spóirt, scleip is sult ag siúbhal ag na daoine óga. Bíonn an féile is mí sa bhlían thart annsan agus chuireann gach aoine slán leis.
c) Máirt na hInide
Sé Máirt na hInide an lá déanach cun posta roim an gCarghaos. Bíonn fléadh agus féasta ins gach tig ag tabhairt slán le sódluistí go deire an Carghaois. Deintear páncóga leis agus bíonn ana fleadh acha.