School: Scoil Bhríde, Liosceannúir
- Location:
- Liscannor, Co. Clare
- Teacher: Dónall Ó Seasnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Bhríde, Liosceannúir
- XML Page 059
- XML “Daoine Cáiliúla an Cheantair”
- XML “Daoine Cáiliúla an Cheantair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)59
Amhránuighthe Maithe
Concubhair Ó Chéirín, Lioslorcháin. Liosceannúir.
Seán Ó Beacháin, Beithe, Liosceannúir
Snámhuighthe Maithe
Seán Punc, Clochán, Liosceannúir
Peadar Ó Sáile, Mothair. Liosceannúir
Rinnceóir
Seán de Nágla, Baille Lán, Liosceannúir.
1
Do siubhal Máirtín Ó Módhrán chomh fada le Caisleáin Bláchenóg i gCo. na Gaillimhe - breis agus 80 míle. - 2
Do shiubhal "Bully Devitt" ó Dairín go Luimneach agus ar ais arís sa lá chéadhna. Deirtear go raibh sé tagaithe ag a h-aon a chlog (meadhon lae) breis agus 100 míle.
3
Do léim Aguistín Maicín ó Chill Sionnaigh an droichead dhá Chuma (Spectacle Bridge) in aice le Lios Dúin Bheárna.
4
Do shnámh Pádraig Mach Chonsaidín ó Liosceannúir sé mhíle sáile.
5
Do bhaineadh Pádraig Ó Dúnléibhe ó Mothair dhá acraí d'fhéir le speal sa leó.
6
Triúr driotháracha a bhí 'na gcomhnuidhe i Lioslorcáin fíor fadó le na mháthair. Duine achu d'ár b'ainm dó "Chromaltigh Chromaltigh". Bhí sé an-láidir. Lá dá raibh "Cromaltigh" amuigh, cheap an chuid eile achu ar seift chun é mharbhú. Cad a dheineadar ach tarbh fiadháin millteach a bhí achu a chuir isteach sa tíghe. Nuair a tháinig "Crumaltigh"abhaile dhein sé iarracht ar an tarbh. Thug an tarbh a aghadh(continues on next page)- Collector
- Treasa Ní Lachaidhe
- Gender
- Female
- Address
- Derreen, Co. Clare
- Informant
- Énrí Maintéal
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Male