School: Furglan, Inistíomáin (roll number 11813)
- Location:
- Furraglaun, Co. Clare
- Teacher: Seán Mac Daibhid
![The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 413](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0620%2FCBES_0620_413.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 413
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Furglan, Inistíomáin
- XML Page 413
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Is minic a chuir fear na luachra, fear na cruadhach amach.”
(continued from previous page)Tagann an lá agus geibheann an bó gno dá earball.
Is fada é an bórthar gan casaidh a bheith ann.
Sé an bothar timcheall an aith-ghiorra go minic.Bhí garsún beag ann uair amháin agus fuar a mháthair bás. Bhí sí ag dul go tigh eile agus do dhein sí ath-ghiorra thar abhainn. Thuit sí isteach agus do bádhadh í. Do phós a athair arís agus bhí leas-mháthair aige annsin. Bhíodh an máthair ag deunamh cranachán do i gcomhnuidhe agus bhí "times" maith aige go dtí go dtáinig an leas-mháthair Bhí sisean ag cuir laicín beag isteach san cranacháin do, agus tar eis tamall bhí sé ag fághail bháis leis an ocras. Oidhche amháin bhí sé i n-aice na teinne agus seo mar a dubhairt se:-
Blian is lá indiu
Do bádhadh mo mháthair
Agus da raghadh sí timcheall
Is fuide ó shon bhí sí ag baile.
Is truag cráidhte nách bhfuil mo laicín scríobaithe agam
Mo cosa nighte agus me im chodladh
Agus bhíodh mo mháthair caoch nuar a bhíodh sí ag creithirt na mine.
Bhí an t-athair ag éisteacht agus do bhris sé an cranacháin agus fuar sé an leac istigh ann. Ó shin amach bhí am maith ag an ngarsún.- Informant
- Séamus O' Donoghue
- Gender
- Male
- Address
- Bauntlieve, Co. Clare