School: Furglan, Inistíomáin (roll number 11813)
- Location:
- Furraglaun, Co. Clare
- Teacher: Seán Mac Daibhid
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí capaillín ag Seán De h-Óir agus bó ag sagart san cheanntair. Do shocruigheadar ar malart a dhéanamh agus bhí coigthíos treall ag gach duine ar a aigne a shásamh i dtaobh an mhargaidh. Bhí cuigeann deunta ag bean Sheáin i gceann scaitheamh aimsire sar a raibh an coigthíos imighthe, agus bhí sí lán t-sásta le toradh na cuigne. D'feuch sí amach tríd an bhfuinneóig agus cé chífedh sí cuici acht buachaill an t-sagairt agus an capall le na chois.
Bhí fhios aici go raibh sé ag teacht fé dhéin an bó agus an capall fhágaint aca arís. Rith sí go dtí an fál agus do ghlaodh sí ar Sheán chun an bó do coineált agus dubhairt Seán léi "Seasaidh tu féin agus tabhair díomadh do, mar ní "Domnus vobiscum" na "Cleasa clogium" an t'sagairt a dheanfaidh cuigean ime duit.- Informant
- Séamus O' Donoghue
- Gender
- Male
- Address
- Bauntlieve, Co. Clare