School: Cill Mhuire, Sráid na Cathrach (roll number 13942)
- Location:
- Mullagh, Co. Clare
- Teacher: Tomás Ó Conaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí buachaill ann uair amháin agus bhí sé dul ar sgoil. Bhí ubhallgort in-aice an bhóthair agus chuaidh sé anairde ar an gclaidhe ag stathadh na n-ubhall bhfiadhain. Tháinig duine uasal i gcarráiste sos an bhóthar agus ar sé leis an mbuachaill "Táir ag stathadh na n-ubhall bhfiadhain." "Ó níl siad fiadhain táid go léir ag fanacht liom."Dubhairt an duine uasal leis teacht anuas chuige agus thug sé sgilling dó. Dubhairt an duine uasal leis an mbuachaill an chéad uair eile a chífeadh sé é go dtuibhradh sé sgilling eile dhó. Do rith an buachaill treasna na páirceanna agus bhí sé 'na luighe ar an mbóthar roimh an duine uasal arís. Do ghlaoidh an buachaill air agus ar seisean, "Níor choimeád tú d'fhocail liom. Dubhrais an céad uair eile a chífeadh tú mise go dtuibhrfá airgead dom." "An mbeidh tú ar sgoil imbáireach" arsan duine uasal. "Béad" arsan buachaill.D'imthigh an duine uasal abhaile agus an buachaill cómh maith. An lá in-a dhiaidh sin bhí an duine uasal ag teata na sgoile ag cainnt leis an maighistear. An mhaidean san bhí an buachaill an-dhéanach agus dubhairt an maighistear leis, "Cad a choimeád go déanach thú a Thomáisín." "Ní raibh aon leigheas agam air a mhaighistir. Bhíos ag taidhreamh aréir go rabhas in-Ifreann." "Ó go saoraidh Dia sinn" arsan maighistear. "An raibh a lán daoine ann?" "Bhí" arsa Thomáisín. "An raibh gárdaí ann?" "Bhí," "An raibh maighistir ann?" "Bhí." An raibh mise ann" arsan maighistir. "Ní raibh" arsa Thomáisín "acht tá do thrúnca réidh aon nóimeant."(continues on next page)
- Collector
- Máire Nic an Éide
- Gender
- Female
- Informant
- Séamus Mac an Éide
- Gender
- Male
- Age
- 61
- Address
- Kilclehaun, Co. Clare