School: Durrow
- Location:
- Durrow Demesne, Co. Offaly
- Teacher: P. Ó Coinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mhuinntear a' tighe é dúiseacht tráth glaodhach coiligh. Níor dhúisigh aoinne roimh a ghlaodhach nó go dtí tamall fada in a dhiaidh. Bhí sé an dhéidheannach nuair dhúisigh Colm Cille agus bhí ar na craobhacha a' los a bhfaillighe (?) ann. Thug sé a mhallacht ar choileachaibh Fheadha Iar Abhann. Ar seisean,
"ní chloisfear glaodhach coiligh san áit seo go deo airís."
"Agus do b'fhíor do" arsa an bhean liom sa. Bhí mé san ceanntar cúpla bliadhain ó shoin agus cheistigheas bean acu i dtaobh glaodhach na gcoileach.
"Glaodach coiligh" ar sise , "the devil a wan crows here no more nor a hen." - Le linn a h-óige thagadh ar chuaird go dtí n-a dtigh fear d'fhearaibh na gcomarsan - Dáibhidh Ó Catháin. Oidhche dá raibh sé amuigh chonnaic sé solas i bpaírc Uí Mhuireadhaigh (Páirc in aice le Thalamhntaí Uí Chuinneagáin agus tá lios innti nó, mar tugtar air annso "Móitín").Pé draoidheacht abhí sa solus lean sé é. As go bráth leis an solus tríd an mhoín tríd "the billows" (?) agus Dáibhidh ar saothar ar a thoír(continues on next page)
- Informant
- Bean Uí Chuinneagáin
- Gender
- Female
- Age
- 81
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Ballycahan, Co. Westmeath