Scoil: Durrow
- Suíomh:
- Durrow Demesne, Co. Offaly
- Múinteoir: P. Ó Coinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Durrow
- XML Leathanach 174
- XML “Bás De Léis”
- XML “Jack the Buck Mac Geoghan”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)(-)
- (An Sgéal mar leanas fachta ó Ó Néill - An sgeáluidhe céadna ó na bhfuaras an leagan fá bhás De Léis)
Comhraicidhe mór abeadh an duine seo. Fear troda agus fola é. Duine de shíolraidh Mhic Aodhagaín abhí mar Fhlatha ar chuid na hIarMhidhe ós na h-aimsiribh in allód. B'ionann a ainmnuighadh agus scannrughadh lucht a chloiste.Bhiodh sé de shíor ar lorg comhrac aonfhear agus é amuigh oir nár chlis air riamh i gceann acu. Thug duine as ollfhearann Lord Norberry a dhubhshlán fé. (Níor bhain sé seo le fuil Norberry in aon chor agus níor fheadfadh leis an sgéaluidhe a ainmnuighadh) Pé sgéal é socruigheadh comhrac idir an bheirt agus bhítheas le teangmháil le céile ag Droichead Lios Magha an Fheadha (Lisminey).Iar sroisint an Droichid dó d'eirigh mímhisneach i bhfear na Darmhágha agus ní throidfeadh sé é ar bhagairt nó ar mhealladh.Dar ndóigh, bhí ana dhíomádh ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Néill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 61
- Seoladh
- Kildangan, Co. Offaly