School: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
- Location:
- Kilkee, Co. Clare
- Teacher: Máire Gromail
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sé an t-am de'n bhliadhan 'na mbionn Posaidhte go fluirseach na tar eis na Nodhlag go dti Mairt na h-Inide no Eanair Feabhra agus uaireannta cuid de mí na Márta. Deireann na sean-daoine mas maith le na daoine posta nár ceart doibh dul fe'n obair nios deideanaidhe na Máirt na h-Inide. Fanann a lán daoine go dti an oidhche deirneach san cun posta agus tugtar ortha "Run away Marriages". Fe'n dtuaith is gnathach le daoine cleamhnaisti do dheanamh idir cailin agus buachaill, b'fheidir 20 mile on a cheile gan iad fein d'feiscint roimhe sin agus uaireannta gan iad fein d'fheiscint go maidin an pósadh. Tá saghas margadh deanta idir mhuinntir an cailin agus mhuinntir an buachaill talamh ag duine aca agus airgead ag duine eile. Cúpla oidhche roimh lá an posta bionn cuirm ceoil i dtig an chailin agus bionn sport ann go dti maidin geal. Tagann na "Buachailli Tuighe" ann i rith na h-oidhche agus bionn failte is fiche rompa agus gheibheann siad san a dhá ndothain dos na rudaí a bíonn(continues on next page)
- Collector
- Póilín Ní Ghormáin
- Gender
- Female
- Address
- Kilkee, Co. Clare
- Informant
- Tadhg Mac an Aircinnigh
- Gender
- Male
- Address
- Kilkee, Co. Clare