Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
- Suíomh:
- Kilkee, Co. Clare
- Múinteoir: Máire Gromail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá na h-áiteanna seo thios i bparóiste Cille Fiachraigh atá i mbaruntacht Maighe Fearta, Conndae an Chlair.1. Magh Fhearta:-
Sé is brig leis an ainm so na:- an mhag 'n-ar marbuigheadh na sluaighte.2. Cill Fhiachrach:-
Tá an áit seo suidte míle goile taobh thiar theas de Cill Caoidhe. Bhunaigh Naomh dar'b ainm Fiachra teampall ann fado agus thug san a h-ainm do'n ait ó shoin i leith. Tá fothracha an teampaill le feiscint fos 'san ait.3. Cill Chaoidhe:-
'San áit a bhfuil an baile do thog Naomh Caoi teampall ann i n-allod.Tugadh Cill Chaoidhe mar ainm ar an áit da bharr san.4. Dabhach:-
Sin é an ainm a tugtar ar an mbaile fearainm ar a bhfuil an cuid sin de'n mbaile idir Abha Ui Cheallaigh (ritheann an abha seo sios go d'tin dtraigi n-áite le tig osta Bhictoria)(leanann ar an chéad leathanach eile)