School: Ceathair Dhúin Iascaigh (B.)
- Location:
- Caher, Co. Tipperary
- Teacher: Liam P. Ó Conchubhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathair Dhúin Iascaigh (B.)
- XML Page 205
- XML “Scéal”
- XML “Máire Bheag na Gruaige Báine”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)cuir croiche suas. Socruigheadh anáirde ar an gcroich é. Tairringeadh an trucail uaidh. Thuit sé anuas agus thuit an chroch ina chioth ina diaidh. Liúigh gach aoinne, shíleadar go raibh a phárdún aige ach ní mar sin a bhí. Rinneadar croch eile, bhris sí sin sa tslighe ceudna. Rinneadar a' tríomhadh croch agus cuireadh an fear croidheach suas arís ach thuit sí anuas arís agus ní raibh sé gortuighthe ach amháin a mhala a bhí geárrtha. Liúigh na daoine as saighdiúirí agus dubhradar go raibh a lá aige.
- Ar an mbaile bead seo thiar
Tá mo ghrádh le bliadhain
Is cosamhail í le grian a' tsamhraidh
Fásann mil na diaidh
Ar lorg a cos (a gos?) sa tsliabh
Seachtmhainí as diaidh na Samhna.'A bhfuighbhinn sí arís mo chiall
's go casfaidhe í im líon
Sgaipfeadh sí díom an brón seo.
Ar chomhairle a maireann beó
Ní sgarfainn féin lem stór
'Sí Máire Beag na Gruaige Báine í.(continues on next page)- Collector
- M. Ó Dubhshláinghe
- Gender
- Male
- Informant
- Ruaidhrí Ó Corbáin
- Gender
- Male