School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- Location:
- Doonaha, Co. Clare
- Teacher: Ed J. Headtromóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- XML Page 221
- XML “An Cholera 1847, 1848 in Iarthar an Chláir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí sí go dona in Íarthar an Chláir agus do marbhuígheadh a lán daoine. Bhí líos í Mágh Fhearta (Carraig a Chabhaltaigh, Co. an Chláir) agus cuireadh na cuirp isteach sa gclais a bhí leath'smuigh den lios agus líonadh fallaí críadha a' leasa isteach ar na corpaibh. Níl rían de'n líos ann anois acht leanadh de nós (cuirp d'adhlachadh san áit) agus sin é a thosnuigh an Roilig í Mágh Fhearta. Tá an áit mhaol gan leacht le feiscint sa Reilig sin go dtí an lá indiú in ar cuireadh na daoine a mairbh an Cholera. Ní oscalóchthar an áit seo go ceann 100 blian ó 1848.Aon pharóiste amháin a bhí annso ó Poll an Oisire go Ceann Léime (san áit go bhfuil Paráiste Carraige a'Chabhaltaigh agus Paráiste Cille Bhaile Eógain anois agus cómhnuigheadh na sagairt í gCarraig a' Chabhaltaigh.Do cailleadh an Sagart Paróiste Father Pat Meehan leis an bpláig. Tháinig Sagart ó Cill Ruis(Father Malachy Duggan) chun an Ola Dhéidheannach do cur ar na daoine tinne. Do cailleadh é freisin leis an gColera,Bhí 40 tíghthe ar an mBóthar Uaigneac le na linn sin, áit nach bhfuil acht ceithre cinn anois. (Dúnátha, Cill-Chaoidhe) leagadh an chuid eile i ndhiaidh imirce agus colera. D'adhlacadh na daoine lom láithreach(continues on next page)
- Collector
- Seán Ó Duibhir
- Gender
- Male
- Address
- Kilkee, Co. Clare