School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- Location:
- Doonaha, Co. Clare
- Teacher: Ed J. Headtromóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- XML Page 233
- XML “Ceirdeanna agus Ceardaithe na Dúiche Seo Fadó”
- XML “Ceirdeanna agus Ceardaithe na Dúiche Seo Fadó”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)5 Gaibhne:- Bhí gabha sa Tulach Rúadh 40 nó 50 bl ó shoin. Aindrías ÓMongáin & deineadh sé céachtaí & ramhinní ar fheabhas acht bíodar beagánín ró dhaor. Thagadh fear ó Cúr a'Cláir "Cadhlaig na Ramhainne" & díoladh sé ramhainní ar 4/= an cheann. Is féidir le gach gabha íad araon do dhéanamh fós acht ní fiú é é.6 Cúipéirí & Saoír Rotha:- Bhíodh saoir rotha igCarraig a'Cabhaltaigh 50 blíana ó shin ag déanamh tuirníní lín & tuirníní olna & bíodh éileamh mór ar na rudaí sin.
Bhíodh Cúipéir in a comhnuidhe i gCill Fheárach darbh ainam Mac Mathghamhna & tá fear go dtí an lá indiu sa Tulach Rúadh (Ó Coisdealbha) acht ní fhaghann sé aon obair le déanamh. Bhí duine eile sa dTulach Ruadh 50 blíana ó shin (Ó hAirmheadhaigh & deineadh sé barraillí, tubáin, meadair & pigíní. Seán Ó hÚaitéar & Tomás Ó hÚaitéar i gCill Chaoidhe ag obair go dtí 20 blíana ó shin. Thúmaidís (?) an t-adhmad in uisge beirbhthe lúbaidís annsan é & choimeádadís le chéile le bannda adhmaid. - 7 Déanamh Ciseán agus Sciatha:- Tá cúpla fear annso fós gur féidir ciseáin do dhéanamh. Tomás ÓLoingsigh i gCuibhreann,(fós) Pádraig O Ceallaig í dTulach Rúadh.8 Déanamh Fuipeanna:- Bhí fear déanta fuipeanna i gCuibhreann 80 blíana o shoin agus deineadh sé laisg as(continues on next page)
- Collector
- Seamus Ó hEochaidhe
- Gender
- Male
- Occupation
- Scoláire