School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- Location:
- Clonanav, Co. Waterford
- Teacher: Pádraig Ó Cearbhaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí Fionn Mac Cumhail agus a chuid fear ag teacht treasna an Comaraigh lá. Nuair a thánadar go dtí mullach an chnuic bhí dhá chloch mhór ann.
Rug duine acu ar ceann des na clocha agus chaith sé é dhá mhíle agus thuit sé ar bharr Chnuic an Iolair gairid do Choill Tor an Phúca.
Rug fear eile acu ar an tarna cloch agus chaith sé arís é. Do thuit sé ar bhárr Chnuic an Iolair arís é le h-ais na cloiche ann. Tá an dá chloch le feiscint ann go dtí an lá indiu. Conn Creathair
Nuair a bhíodh arm na bhFiann ag cleachtadh ar maidin do rithidís naoi míle gach maidin.
Bhí duine acu - Conn Creathar cómh-bríoghmhar sin go gcuireadh Fionn mála gainimhe ar a dhrom sa tslighe go bhfaghadh na fir eile teacht suas leis. Conán Maol
Tháinig a namhaide lá fadó cun saighdhiúirí na bhFiann a throid. Thuit an togha ar Conán Maol cun a chéad fhear a throid.
Nuair a bhíodar ag díriú le n-a céile, "Cé h-é sin(continues on next page)- Informant
- R. Ó Riain