School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- Location:
- Clonanav, Co. Waterford
- Teacher: Pádraig Ó Cearbhaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- LeighiseannaTá an-chuid leighiseanna ag na sean-daoine ar ghalair agus ar phianta sa pharróiste seo:
1. Tinneas Fiacal: Frog do chur in do bhéal go ceann cúig noimeataí nó scread a bhaint as frog le do fhiacla.
Fiacal chapaill gan iarraidh leigheas eile.2. Tinneas chinn: bláthanna na fearnóige do bheirbhiú in uisce agus é d'ól.3. Dóghadh: Duilleóga an láibhréil agus bluinig do bheirbhiú in uisce agus an meascadh a chimilt de'n bhall dóighte.
Teanga a chimilt de arc-luacra - leigheas eile.4. Galar buidhe: Tá daoine in a gcómhnuidhe sa pharróiste seo in aice na scoile agus leighiseann siad an galar buidhe. Beirbhigheann siad luibh eigin go bhfuil blath beag gorm air le leann agus ólann an duine tinn é leighiseann sé é.5. Faithní : Uisce cloiche gan iarradh: dá mbeiteá ag siubhal agus dá bhfeicfeá uisce i bpoillín i gcloich dá nighfeá na faithní ins an uisce do leighisfeadh sé iad.
Comhair na Croise a dhéanamh thar na faithní le píosa feola freiseálta agus an fheoil a chur ins an carn aoiligh. Nuair a lobhfadh an fheoil d'imitheochadh na faithní(continues on next page)