School: Béal Feirsde / Belfarsad (roll number 16374)
- Location:
- Béal Feirste, Co. Mayo
- Teacher: Prionnsias S. Ó Gallachobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)rópa thuit an fear síos i bpota anbhruith agus sgalladh é. Sgéal crabaid.
Bhí Dia agus Naomh Peadar ag siubhal an bhóthair lá. Tháinig siad treasna ar fhear bocht a bhí ar thaobh an bhóthair agus d'iarr sé déirce orra. Bhí Naomh Peadar ag dul a tabhairt deirce do acht dubhairt Dia leis gan seirce a thabhairt do. Nuair a bhi siad ag teacht ar ais arist casadh leo an fear ceadna agus bhí sé marbh. Dubhairt Naomh Peadar go mba ceart dobhta an déirc a thabhairt do cheana. Bhí cóta air agus bhí go leor píosaí air agus stroic Naomh Peadar é agus bhí sé líonta le ór. Dubhairt Dia leis an ór a chaitead isteach i loch.- Collector
- Áine Ní Ghallachobhair
- Gender
- Female