Scoil: Béal Feirsde / Belfarsad (uimhir rolla 16374)
- Suíomh:
- Béal Feirste, Co. Mayo
- Múinteoir: Prionnsias S. Ó Gallachobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Béal Feirsde / Belfarsad
- XML Leathanach 18_001
- XML “Bia na Seanaimsire”
- XML “Mo Cheantar Féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D'itidís feoil fo minic. Feoil úr a bhíodh acu. Gheobhfadh siad iasc ins an fhairrge. Ní cuimhin le daoine tae a theacht do an chéad uair. Ní bhíodh cupáin acu san am fadó acht saucpáin
- Máigh-Mhuileann an t-ainm atá ar am bhaile a bhfuil mé in mo chónaí. Tá sé i bparóiste Acla agus i burúntacht Burrishoole. Tá cathrach trí teach ann anois agus bhí fíche naoi ann fadó. Tá tuí ar cuid des na tighe agus sclátaí ar cuid eile acu. Baisteadh Máigh-Mhuilinn air mar bhí muillean ann fadó. Tá go leor daoine os cionn seachtó bliain d'aois. Tá Gaeilge maith acu. Is féidir leo scéalta innseacht i mBéarla. Seo ainmneacha na sean daoine: Padruig Ó Sheóighte, Michéal Ó Gallchóbhair, Brighíd Ní Gallchóbhair, Michéal Ó Piotán, Áine Ní Gallchóbhair, Padruig Ó Gallchóbhair, Seosamh Ó Piotán, Siobhán Ní Phiotán, Áine Ní Sheóighte, Peadar Ó Sheóighte, Michéal Ó Giontaoi, Martán Piotán, Brighíd Ní Gallchóbhair, Áine Ní Piotán, Padruig Ó Gallchóbhair, Michéal Ó Piotán, Áine Ní Chonaic, Mairgheadh Ní Phiotán. Tá siad uilig ina gcónaí i Máigh-Mhuileann, Acaill, Gob a' Choire, Condae Mhaigh Eo, Éire. Tá a lán fothracha sean tighe san mbaile fós. Ba gnáthach le go leor daoine as an dul go dtí Ameirioca. Níor luadh ainm an bhaile le aon amhrán ariamh. Tá loch amháin ann ar a dtugtar Loch na Lachan Fiadhan mar bhíonn go leor lachain fiadhain ann.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáitlín Ní Sheóighte
- Inscne
- Baineann