Imleabhar: CBÉ 0148
- Dáta
- 9 Nollaig 1935
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Is samhal a bhí cúirt bhreágh annsan is a’ dorus ar oscailt agus teine bhreágh aduidhthe ann agus ní raibh aonne istig sa tig ach fáin seana chat glas
a bhí ’n-a shuidhe ar aghaidh na teine amach.
Nuair a chuaidh sí isteach, nuair ná feacaidh sí aonne, níor dhin sí ach seasamh ar a’ dtaobh istic 'on dorus, a’s i gcionn tamaill do labhair a’ seana chat léi, agus ’sé an nídh adubhairt sé: "dá mbeinn-se mar a bheadh óig-bhean ghlánta dhod’ shaghas-sa do thiocfainn aníos chun na teine agus do theannfainn agus do théidfinn me fhéinig".
Tháinigh sí aníos chun na teine agus do théidh sí i féin leis a’ dteine agus nuair a bhí sí te annsan do labhair a’ cat arís léi agus ar seisean léi: "Dá
mbeinn-se mar a bheadh óig- bhean ghlánta dhod'
shaghas-sa, tá seómra suas annsan go bhfuil dosaon nó trí diag de mhiasaibh bid leogaidhthe amach ann agus d’íosfainn mo dhóithin
as pecu mias ba mhaith liom". D’imthigh sí suas agus do bhí an biadh leogaidhthe amach(leanann ar an chéad leathanach eile)