Imleabhar: CBÉ 0148
- Dáta
- 9 Nollaig 1935
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)208
agu tabhair tí nó ceathair nó chúig ’o chúrsaí soir
agu auoir, agus má buaileann - ní foláir nó buail
fidh duin’ éigin leat a ghlaodhfaidh isteach ort."
D’imthigh a’ mac í dhin sé fé mar fhsé agus ’á
mbeadh sé soir agus anoir ó shoin níor ghlaodhaig
aonne isteach air. Well, thángadar abhaile
fé mar imíodar i gan aon treó ná aon mhaithes
dianta do Micí agus d’fháisg Micí ar ghnó ’gus ar
obair arís agus do bhíodar mar sin go dtí gur
"imthig trí nó ceathair nó cúig de bhliadhnaibh agus
do théidheadh sé i gcómhnuidhe aonach - an chiad aonach
na h-Ínidhe sa Cathair agus thugadh sé na cúrsaí
séo go dtí go bhfuair sé corrtha dhe, agus ard-fhear
múir a bhailiúghadh a b’eadh é. Bhí sé lá a
dtráig a’ Coirreáin - a dtraig na h-Aoine i
capall agus trucaill aige is ní h-ao’ chliabh a bhíodh
aige a’ cuir a’ mhúir suas ach thiad, agus do bheireadh
sé beart múir leis - do chonnac go minic é sin
me féin lem’ dhá shúil, chonnac an bheart múir
air fé mar a bheadh beart féir. Bhí sé a’
gabháilt tre Ath na h-Aoine a’ lá so agus ualach
múir aige agus nár bhris a’ roth, agus má bhris do
bheir sé ar an aice agus do choimeád sé suas an(leanann ar an chéad leathanach eile)