Imleabhar: CBÉ 0148
- Dáta
- 9 Nollaig 1935
- Bailitheoir
- Suíomhanna
![An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 209](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0148%2FCBE_0148_209.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 209
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)209
t-aile leis a’ roth eile gur chuadar is dócha
tímpal agus fiche rámhan nó bhféidir dachad raman
go láidir gur chuadar amach ar a’ mbóthar trim
i do cheap ga’ h-aonne ’chonnaic é nó chualaidh
gur dhin sé é gur maith an - ná raibh sé i
bpoier aon fir é dhianamh - ach fear ana-
láidir a b’eadh é, agus fear de mhuíntir Súillobháin
a bhí ar a’ mbaile bhí ’á ínnsint dómh-sa go
raibh sé a’ fiachaint air, go raibh sé féin ’n-a
diaidh agus ualach eile muir aige. Bhí sé a’ cuir
de mhar sin agus an aimsir ag imtheacht is gan
ao’ bhean ’á fhághailt do agus d’fhiafraigh sé lá
de chómharsain nó duin’ éigineach tímpal connus
a dhianfí cleamhnas. "Ó mhuise ’neosfad-sa duit
é sin, a Mhicí," fsé, "beirt a bheith i gcró."
fhsé, "ag duine ’fhaire chúcha. Sin mar a dhintear
cleamhnas." Seadh! i ndomhnach do ghlaodhaig sé
isteach ar - d’innis sé a scial d’fhear - do’n
fear so - ag d’fhiafruigh sé dhe a raghadh sé
cró i n-aénacht leis agus go bhfaigheadh sé teach-
taire éigineach eile a bheadh a’ faire chúcha.
"Á ará’", do dhianfadh san an gnó go maith."
é, "do raghainn go maith," f sé, "ach ar ndóighthir(leanann ar an chéad leathanach eile)