Imleabhar: CBÉ 0148
- Dáta
- 9 Nollaig 1935
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)376
"Is mó rud a thabharfadh un duine." f Siobán,
" bheadh sé thre ’n-a chéile." Seadh! "Sobhán arú."
é sin t ná tarraing aon - ná tarraing aon
atrole go fóil. nuair a tháinig an scéalaídhe
go dtí an pháirt seo de’n scéal do chuir sé
d’iachaibh ar fear a’ tíghe teacht chun na teine
ag suídhe ar a’ bob agus an tlúgh a láimhfeáil agus
aithris a dheanamh ar an stacach nuair a bhí
sé ag raobadh an ghríosaig. Do dhéin fear a’
tíghe rud air go h-úmhal agus do bhí sult an
Domháin ag a raibh istig ar Seamus is ar
fhear a’ tíghe ag léiriúghadh an pháirt seo de’n
scéal leis an dtluig. Deabhruíghim nárb é an
cead uair ag fear a’ tíghe ’á dheanamh san
"mar is minic ceana d’innis Seomus an
scéal so dhóibh agus do chaithtí é léiriúghadh le
geáthsaí gach aon uair d’innstí é. "Siobhán
arú," féicó, stiúruíghinn-se é seo g "a Shiobhán
arú," é é, "connus a dhineann sibh cladhracha
go bhfuil páirceanna chómh breágh, chómh fada
agaibh annso." Ó, bagraig air sin: (órdú
a b’eadh é seo chun an lucht éisteachta bagairt
an fear a’ tíghe an tlúgh droibriú’ ar aa -(leanann ar an chéad leathanach eile)