Imleabhar: CBÉ 0180
- Dáta
- 1936–1936
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí bean ann fad ó shoin agus bhí páiste meaithte aicí, agus bhí sé seacht mbliadhna gan a siubhal.”
Bhí bean ann fad ó shoin agus bhí páiste meaithte(1)
aicí, agus bhí sé seacht mbliadhna, gan a siubhal(2).
Bhí sí an uile lá amuigh a chruinniughadh dó. Bhí sí lá amháin amuigh a cruinniughadh dó, agus d’fhág sí an páiste ’na luighe ins a cliabhán, agus tháinic páistí an bhaile isteach
a choinneáil cuideachta leis. "A gcoimeadfad sibh," arsa seisean, "agus gan mo mhaithne
a leigean isteach orm," arsa seisean, "sheinfinn tiúin díbh. Tharraing sé na píoba aníos
as íochtar an chliabháin agus thosuigh sé sheinnt agus leis a spórt a bhí aca níor mhothuigh
(1) Caol, tana, gan lúth gan lathair,
(2) He was seven years "without the walking".(leanann ar an chéad leathanach eile)