Imleabhar: CBÉ 0180
- Dáta
- 1936–1936
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí fear amuigh ar a Cholbha, ar an taobh thall de Chuam Teilinn, a rabh Pádraic a' Cholbha air.”
Bhí fear amuigh ar a Cholbha, ar an taobh thall de Chuan Teilinn, a rabh Pádraic a' Colbha air.
Lean sé ariamh de bheith indiaidh róntaí dá marbhadh. Bhí sé lá amháin ins a chladach
agus mharbh sé rón le fork, agus d’imthigh an rón le leath a’ fork. Níor mharbh sé amach é, agus d’imthigh sé agus a fork leis. Bhí sé lá eile ’na dhiaidh sin annuas
eadar sin agus Ráchlainn, agus cá bith cineál carraic a dteachaidh sé isteach oirthí,
bhí teach ar a charraic. Chuaidh sé isteach 'un toighe, agus bhí seandhuine ’n-a shuighe(leanann ar an chéad leathanach eile)