Imleabhar: CBÉ 0312

Dáta
1937
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0312, Leathanach 0019

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0312, Leathanach 0019

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bith é. Agus d’eirigh leis an bpáiste ná ru
    aon afarc aige, agus thréis an páiste a bheith
    gan aon afarc bhí an mháthair agus a’ t-athair
    cho ceanúil air agus bhíodar ar a gcroí ina
    lár. Bhí go math. Bhíoch an t-athair amuich
    ag obair achuile lá, agus i n-ám bricfeásta nuair
    a thigeat sé isteach ghohat sé a’ breathnú ar a’
    bpáiste, agus i n-ám dinnéir nuair a thigeat sé
    isteach ghohat sé sa dtí é, agus trathnûna go rí-
    shiúráilte thiúrat sé cuairt ar a’ bpáiste - ar
    a’ mac - le ru go spóirt aige as an mac.
    Bhí go math agus ní ru go h-olc, nú go ru an
    t-ám dhá chatha, nú go ru sé dhá bhliain déag
    nó trí bliana déag g'aois. Agus bhí an t-ath-
    air imíthe amach ag obair ó mhaidin - moch mainn-
    eachan roimhe sin - agus bhí an mháthair ag réiteach
    bricfeásta gon chuid eile go na gasúir, gon
    chlánn iníon, agus gá sgaoile ina mbealach héin - ag
    obair iad héin. Agus bhí an gasúr fir ’n-a
    cholla ar a’ leaba. Nuair a bhí sé i n-ám
    bricfeásta go math sa lá bhí béilí an mhic gléas-
    taí ag a’ mbean - réitíthe - agus ghlaoidh sé ar a’
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    26 Eanáir 1937
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir