(ar lean ón leathanach roimhe)
"an páiste a bhí aici. Agus anois," adeir sé, "ó
shábháil tusa mise an lá sin, sábháilfe mé," adeir
sé, "thú héir inniu. Agus i n-éineacht leis
sin," adeir sé, "sábháilfe mé beirt chloinne rí nÉirinn."
Sgaoil sé amach insin iad, agus cathadar seacht
n-oíche agus seacht lá ánn le fleidh agus le féasta.
Agus thug sé dhób a’ capall nuair a bhíodar a
goil ag imeacht, agus 'n-a theánnta sin líon sé
suas trí mhála óir agus thug sé dhób é. D’imi
leis a’ triúr acab, agus nuair a bhí an Gadaí
Du a goil a’ sgara le beirt chloinne rí nÉirinn
dúradar gá dtiúrthaidís mála gon ór dhó (’ó).
"Ó níl aon ghroth agam-sa gá gcuid óir,"
adeir sé, "mar tá an oiread gon chineál sin hana
(cheana) agam," adeir sé, "agus nach mbeidh caithte go
brách á’m. Ach tugaí abhaile é," adeir sé, "agus
b’fhéidir go bhfuíot sib héin grotha dhe."
Sén sgéal é, tháiniceadar anoir, agus ní
dheárnadar stad na cônuí aríú go dtáiniceadar
go hÉirinn. Agus nuair a chonnaic a’ leas-
mháthair a’ teacht iad, agus í thuas ar stuaic a’
teampuill, bhí an oiread feirige agus brise croí
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.