Imleabhar: CBÉ 0312
![An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0312, Leathanach 0051](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0312%2FCBE_0312_0051.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0312, Leathanach 0051
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Tá," adeir sé
"Bhfuil airgead go leór anois diantaí a’d go
do chuid lín?"
Rec. 785a. "Tá muis, a mháthair," adeir sé, "cupla míle
punt diantaí á’m ar a’ bfûmhar."
Agus bhí an fear óg amuich agus gan mórán
fúnn a’ bith air a theacht isteach.
"Fear math," adeir sí leis a’ mac is sine. "Tá
dianta go math a’d."
Ní i bhfad nó gur shiúil an fear óg isteach
agus é an-chú(th)al a’ teacht go dtí á n-a mháthair,
agus shiúil sé suas go dtí í.
"Well, a mhic," adeir sí, "Bhfuil go leór dian-
taí a’d-sa go bhárr t’fhúmhair héin?"
"Muise m’anam, a mháthair," adeir sé, "nach
bhfuil fhios á’m beó téard tá diantaí á’m de
ach ní fhéatainn a rá," adeir sé, "a’ rud adúirt
tusa liom-sa," adeir sé, "nach ndeárna mé é.
Dúirt tú liom," adeir sé, ’mo chuid lín a chuir," adeir
sé, "i n-ithir ghlain dhomhain," adeir sé, "agus cheap mé
ná ru ithir a’ bith," adeir sé, "bu gloine ná bu
doimhne," adeir sé, "ná ins an áit ar chuir mé é."(leanann ar an chéad leathanach eile)