Imleabhar: CBÉ 0312

Dáta
1937
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0312, Leathanach 0069

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0312, Leathanach 0069

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    dhá bhliain g’aois ins an ám seo, agus é ar
    a druím aici. Nuair a tháinic sí go dtí an
    abhainn, ins an áit ar báthú an t-athair,
    "muise, a mhic," adeir sí, "dhá bhliain agus a’
    lá inniú," adeir sí, "bhí t’athair a goil a’ bealach
    seo," adeir sí, "agus báthú é."
    "Muise mh’anam go mbeat sé tímpull leath-
    na h-aimsire," adeir a’ Geárlach, "ó shoin." Sin é
    ’dtug sé go shása gon mháthair.
    Ach tháinic sí abhaile. Agus bhí bean óg
    g’iníon aici agus bhí sí [le h-aghaidh] páiste, agus
    bhí an mháthair í héin imíthe amach agus bhí an
    Geárlach ’n-a shuí ar a’ tínteán. Agus casú
    an sagart a goil thart.
    "Go mbeannaí Dia inseo," adeir a’ sagart.
    "Go mbeannaí Dia agus Muire dhuit," adeir an
    Geárlach.
    "Cá’l do mháthair?" adeir a’ sagart.
    "Tá sí a’ milt," adeir sé, "an tsuipéir a d’ith
    sí aréir."
    "H-m," adeir a’ sagart - ní rabh fhios aige
    céard a bhí sé a rá.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    28 Eanáir 1937
    Cineál míre
    Seanchas
    Innéacs seanscéalta
    AT0921: The King and the Peasant's Son
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir