Imleabhar: CBÉ 0312
Ar an leathanach seo
- Bhí an sgéalaí a’ filleadh abhaile go Baile
Chaisleáin oíche ó thóramh i mBail-uí-Luí. Oíche
ghealaighe a bhí ann agus ní rabh smeathamh san aer.
A dul thrí pháirc dá chuid héin dó (cnoc a’
ghaine nó sand hill a thugthar ar an bpáirc)
chuala sé torann le n-a thaobh díreach mar
bheadh dhá chamáin i buailfí i n-aghaidh a chéile.
D’fhéach sé thart timpeall air ach ní fhaca sé aon
ceó. Bhuail lagar é nuair a shroich sé an baile.
Bhí sé a’ deánamh amach gur b’iad na daoine(leanann ar an chéad leathanach eile)