[Tugaim annseo thíos gearr-innseacht ar níthe a chualas ó Pháraic Ó h-Aodha (Pat Hayes), (75), a chonuíos i mBaile Chaisleáin, paráiste Chill Thártain, Co. na Gáillime. Barúntacht: Cill Tártain. Chuala
sé na níthá seo, agus é in’ fhear óg, ón tsean-mhuinntir in aon áit chéanna sin.
P. Mac C. 8:2:1937].
Fear a bhí i n-a chonuí i n-aice le Croch Meadha fadó. Bhí bean agus clánn de chúram air.
Bochtuíú anuas é sa gcaoi nach rabh fágtha ar deire aige ach aon bhó amháin. Thug sé leis an
bhó go ndíolfadh sé ar aonach Thuama í. Casadh fear beag leis ar a’ mbóthar agus tugann sé an buideal druíochta seo dhó ar an mbó. Níl le déanamh aige ach a rá leis an mbuideál go
dteastuíonn béile uaidh agus siúd amach searadhóntaí
agus buitiléaraí as an mbuidéal agus tá béile breagh gléasta acu ar an bpoínnte. Tugann sé an
buideál leis abhaile agus níl aon chaill air héin ná