Imleabhar: CBÉ 0312
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Is feárr liom an deich bpíne ná ’n laogh is ná ’n bhó,
Ó ólfa mé pinn aca(b) agus ólfad dhá phínn aca(b).
Agus chuirfead ocht bpíne dhe abhaile ag mo stór.
3
Tá grá go m’ocht bpíne á’m is dhá ghrá go m’ocht bpíne á’m,
Is feárr liom ocht bpíne na’ n chaora is ná ’n t-uan
Ò ólfa mé pínn aca(b) agus ólfad dhá phinn aca(b).
Agus cuirfead sé píne dhe abhaile ag mo stór.
4.
Tá grá go mo shé píne á’m is dhá ghrá go mo shé píne á’m,
Is feárr liom an sé píne ná’n mionán is ná’n gabhar,
Ò ólfa mé pínn acab is ólfad dhá phínn acab,
Is cuirfe mé toistiún abhaile ag mo stór.
5.
Tá grá á’m go mo thoistiún is dhá ghrá á’m go mo thoistiún.
Is feárr liom an toistiún ná 'n lacha 's ná a h-ál,(leanann ar an chéad leathanach eile)