Imleabhar: CBÉ 0312
![An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0312, Leathanach 0318](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0312%2FCBE_0312_0318.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0312, Leathanach 0318
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)eachaí eile, ’nús nach liceat sé an t-ainm gon ghleánn
go deó - sin é an rud a deireach sé. Bhíoch sé ar
a’ gcuma chéanna a’ tarraint neantógaí agus dhá
gcatha ar siúl as bealach na ndriseachaí, agus maidir
le pabhsae deas ná rudaí mar sin ní bhíoch áird
a’ bith aige orthab. Maidir le go ndóghfach aon neantóg
é ní dhóghfadh aon neantóg é ná tine - is minice
a chuireach sé splannc ar a phíopa le n-a mhéarachaí.
’Sé chaoi gcaitheat sé an tlú as a’ mbealach air
dhá mbeat sé chois na tine. Well bhí go math insin.
Chua sé héin agus an mac - Muracha Beag- chuadar a’
baint sméara lá, agus líon siad crúisgín suas le
sméara i bpáirt mar déarthá. Thárla gur bhaineadar
i bpáirt insin iad budh mhath le Muracha mór iad
á n-ithe i bpáirt mar déarthá - é héin agus an
mac agus a’ bhean. Ach ní ru aon spúnóg acab insin
agus dúirt Muracha mór go ndianfat sé héin spúnóg
- spúnóg adhairce. Well ní bhfuair sé aon
adharc bó sa teach, ach bhí adharc pocaide thuas ar
a’ lota agus thug sé leis sean-sgian a goil a’ diana
spúnóg gon adharc pocaide. An fhad’s bhí sé amuich
ar a’ tsráid ag iarra a bheith dhá dhiana dhiún blas(leanann ar an chéad leathanach eile)