Imleabhar: CBÉ 0312
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Eón. Ach ní ru sí sásta ar aon cheó le n-
ithe thóirt do, ach a rá é chuir as a’ mbeal-
ach. Dúirt a’ t-athair leis a dhul amach sa
sliabh leis na beithí. Theigheach sé amach sa
sliabh leis na beithí, agus bhí tarbh i n-éindí
leis na beithí. Ach bhí sé lá amu agus d’fhiartha
ac tarbh do - d’Eóinín - a ru ocras air, agus
dúirt Eón go ru.
"Teirigh suas ar mo dhruim (dhrym)," adúirt
an tarbh, "agus tabharfa (tiúrtha) mé ag an áit
seo thuas thú - an áit a gheou(bh)a tú rud
le n-ithe."
Chua sé suas in druim (drym) a’ tarbh
agus thug sé ag a’ teach é, agus fuair sé a dhinn-
éar. Ach bhíoch sé gá dhiana sin leis chuile
lá, agus bhí íontas ar a’ leas-mháthair mar gheall
ar é bheith a’ teacht ’uige héin cho math agus
nach mbíoch aon ocras air san oíche thréis a
theacht abhaile. Ach fuair sí amach gur b’é
an tarbh a bhí a’ diana chuile shórt do. Lig
sí tinnis bréige urthe héin agus dúirt sí leis
a’ bhfear nach mairfeach sí mara ngeouch sí(leanann ar an chéad leathanach eile)